M' óenurán im aireclán

D. Bremner

M'óenurán im aireclán

cen duinén im gnáis:

robad inmuin ailethrán

ré n-dul i n-dáil m-báis.

Bothnat deirrit diamair

do dílgud cach cloín;

cubus díriuch diamain

dochum nime noíb.

Nóebad cuirp co sobésaib:

saltrad ferda for,

súilib tláithib todéraib

do dílgud mo thol.

Tola fanna féodaidi,

freitech domnáin ché,

coicle bána béodaidi,

ba sí dígde Dé.

Donála co n-dílechtai

dochum nime nél,

coibsin fíala fíretlai,

frossa díana dér.

Dérgud adúar áigthide

amal tálgud troch,

cotlud gairit gáibthide

diucra meinic moch.

Mothúara, mo thuinide,

robad inmuin cacht;

ním-dingénad cuilide

mo longud, cen acht.

Arán toimse tírmaide --

maith don'airnem gnúis --

uisce lerga lígmaise

ba sí deog no lúis.

Longud serbda sélmide,

menma i l-lebor léir,

lám fri cath, fri céilide,

cubus roithin ré id.

Robad inmuin (araidi)

ainim nechta nóeb,

leicne tírmai tanaidi

tonn chrochnaide chóel.

Céim íar sétaib soscéla

salmchétal cach thráth,

crích fir rád fri roscéla,

filliud glúine gnáth.

Mo Dúilem dom thaithigid,

mo Choimdiu, mo Rí,

mo menma día aithigid

issind falith i m-bí.

Ba sí in chrích fom-themadar

eter lissu lann

locán álainn eladglan,

os mé m'óenur ann.

M'óenurán im aireclán,

m'óenurán am-ne;

m'óenur do-llod forsin m-bith;

m'óenur rega de.

M'óenur ma do-rogbus ní

d'úabar betha cé,

cluinte mo núallán oc caí,

m'óenurán, a Dé.