Selkirk
F. Corcoran
ar aimsigh Selkirk
kirk
ann féin -
ciúnas an chiúinaigéin -
nó an raibh a shéipéal
lán go béal
le lúbarnaíl éisc oíche?
Selkirk is ea gach fear faoin ngréin
ag samhlú parthais san imigéin,
ar feadh do shaoil
ag foghlaim bhraille
riamh riamh is choíche!